Bád a thiontaigh ar a bhealach go bá Bhaile an Easa. Shnámh athair Patrick Coll, fear ar a dtugtaí an stiller, Curran a bhí air, chun talaimh ach chuaigh sé amach arís lena bhean a fháil ach bádh iad uilig.
Scéal faoi fhear dárbh ainm Séamus Ó Colla (Jimmy John) a bhí ag gabháil isteach an Clochán oíche amháin ar dhroim bheithígh ach bádh é. Scéal faoi bhád dárbh ainm An Earl of Derby. Bhí damáiste déanta den bhád, amach ó chósta Mhachaire Uí Robhartaigh, tugadh go Learholl í ach nuair a a shroich siad thall, thug siad faoi deara go raibh bhí beirt fhear as Inis Bó Finne ólta ar an rum a bhí uirthi.
Bád eile, 1806, a d’fhág Sligeach ag dul go Glaschú, bhí doineann iontach ann, maraíodh 72 uirthi. Cuireadh i nDoire iad. | 00:06:38 | |